Ag an am seo bliana, téann na sluaite déagóirí ar a n-oilithreacht teanga bhliantúil chun na Gaeltachta. Ó Thír Chonaill go Gaillimh, ó Mhaigh Eo go Ciarraí, bíonn na coláistí samhraidh i gceantair Ghaeltachta éagsúla, ag mealladh daoine óga ó gach cearn d’Éirinn. Sa bhliain seo chuaigh thart, d’fhreastail beagnach 30 míle dálta ar na cúrsaí seo, ach níor éirigh leis na mílte áit a fháil faraor.
Do chuid mhór déagóirí, is í seo an chéad uair dóibh tréimhse a chaitheamh as baile agus a bheith tumtha go hiomlán i saol agus i gcultúr na Gaeilge. Agus taobh thiar den éispéiris Ghaeltachta, tá an bhean tí, na mná atá ina gcroílár d’eispéireas na gcoláistí samhraidh. Ach an bhféadfá féin seisear scoláire déag a thabhairt isteach i do theach féin, faoi do chúram féin ar feadh coicíse nó níos mó?
Ar Seachtain labhraíonn an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoi na coláistí samhraidh agus faoi na mná tí atá ina gcnámh droma acu. Maoinithe ag an Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil. Foclóir:Éispéireas: Experience Tóir: Demand Liostaí feithimh: Waiting lists Corruair: sometimes Clár siamsaíochta: Entertainment programme Ildánach: Versatile Cláraithe: Registered An t-uasmhéid: The maximum Bhí an t-eallach le blí agat: You had to milk the cattle Riachtanais bia: Dietary requirements Slabhra: Chain Nasc: Link Cuimhní: Memories Cloch mhíle: Milestone Ag freastal: Attending Srianta: Constrained Ó ghlúin go glúin: From generation to generation Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn.
Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism
Summary from source